Access Keys:

 
 
Gaelscoil Mhainistir Na Corann Cork

Coiste na nDaltaí Student's Council

 

Bhí toghchán againn i ngach rang ó Rang 3 go dtí Rang 6 chun comhairleoirí ranga a roghnú. Sheas an-chuid páistí mar iarrthóirí agus ghlac na páistí go han-dáiríre leis an toghchán! Chaitheamar ár vótaí ar an 16ú Aibreán. 
Bhí ar gcéad chruinniú againn ar an 20ú Aibreán agus tháinig Príomhaide Áine chun labhairt linn faoin gcoiste agus cé chomh tábhachtach is atá sé 'guth na bpáistí' a bheith i láthair sa scoil.
Beidh post fíor-thábhachtach againn amach anseo ag bailiú tuairimí na ndaltaí inár ranganna féin agus ag teacht chuig gach cruinniú chun na smaointí sin a roinnt leis an gcoiste. 

Beidh níos mó nuachta le teacht go luath!
Coiste na nDaltaí

 

Forógra na bPáistí - 2016 The Children's Proclomation

Forógra 2016 scríofa ag na páistí/ 2016 Proclamation - written by the children

Táimid fíor bhródúil as an dturas atá déanta ag ár dtír bheag thábhachtach le céad bliain anuas. Aontaímid áfach go bhfuil feabhas fós le teacht agus tá súil againn, daltaí i nGaelscoil Mhainistir na Corann, Co. Chorcaí go mbeidh Éire níos fearr fós do na glúine le teacht. Má oibrimid as láimhe a chéile, éireoidh linn na haidhmeanna seo a bhaint amach.Aontaímid áfach go bhfuil feabhas fós le teacht agus tá súil againn, daltaí i nGaelscoil Mhainistir na Corann, Co. Chorcaí go mbeidh Éire níos fearr fós do na glúine le teacht. Má oibrimid as láimhe a chéile, éireoidh linn na haidhmeanna seo a bhaint amach.

Beidh teach compórdach do chách le fadhb na heaspa dídine réitithe.
Beidh uimhir na n-ospidéal agus oibreoirí leighis méadaithe agus tabharfar tacaíocht do dhaoine aire a thabhairt dá sláinte fhisicúil agus intinne. Mar a déarfá, is fearr an tsláinte ná na táinte.
Beidh leibhéal siúcra agus salainn laghdaithe agus le feiscint go héasca ar gach táirge bia.
Beidh toitíní mídhleathach agus beidh dearcadh níos dearfaí ag muintir na hÉireann i leith an alcóil.
Meallfar gach pháiste in Éirinn spórt a dhéanamh.
Beidh gach páiste ag dul ar scoil le bolg lán agus réidh chun obair ar a dhícheall.
Beidh scoileanna áille ar fáil dóibh is dóthain múinteoirí is cúntóirí ranga chun cabhrú leo.
Beidh uisce glan ar fáil do ghach saoránach ar phraghas réasúnta. Tabharfaimid aire don uisce agus do ghach áis eile atá againn, gan iad a chur amú.
Beidh Éire mar cheannródaí fuinneamh gaoithe san Eoraip. Ní bheimid ag brath ar ghual, ola agus gáis a thuilleadh.
Cabhróimid le tíortha níos boichte ná sinn féin, go mórmhór na tíortha atá ag fulaingt de bharr athrú aeráide.
Beidh Éire ag tógaint isteach níos mó teifigh. Beidh meas acu ar ár gcultúr agus meas againn ar a gcultúr mar is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.
Beidh níos mó Gaeilge á labhairt ag daoine sna Gaelthachtaí agus taobh amuigh daoibh. Mar a deireann an seanfhocal “tír gan teanga – tír gan anam”.
Tír na Naomh is na n-Ollamh a ghlaoitear orainn agus beidh Éire mar ionad cultúrtha an domhain, áit ina speagfar údair, ealaíontóirí agus ceoltóirí.
Beidh deireadh le míchothromaíocht agus cearta daonna bainte amach ag gach uile duine sa tír.
Seo ár bhfís agus ár mbrionglóid don tír.
Creidimid go smior go mbeidh sé fíor.
Éire inné, inniu is sa todhchaí.
Tír níos fearr fiú, sin é ár nguí.
Cabhraigh linn é a thabhairt ar an saol
Is d’eagla is fulaingt, ní bheidh aon bhaol.

24th Mar 2023
Comhghairdeas ollmhór le Hope i Rang Clár as ucht dul chomh fada leis...
 
 
 
 
4th Aug 2022
Example newsExample newsExample newsExample newsExample newsExample newsExample newsExample...